Maidhc Dainín Ó Sé
Beidh an scríbhneoir agus ceoltóir cáiliúil Maidhc Dainín Ó Sé ar dhuine de na haoichainteoirí a bheidh ag teacht go dtí an Lios Mór, Co Phort Láirge i mbliana don bhFéile Scríbhneoireachta Taistil Immrama. Beidh seisiún 'Caint agus Comhrá' i gcomhluadar Mhaidhc Dainín idir a 11.00r.n. agus 2.00i.n.ar an Satharn, 14 Meitheamh 2007 - saorchead isteach agus fáilte roimh chách.
Tá aithne mhór ar Mhaidhc Dainín Ó Sé ar fud na tíre seo de bharr a shaothar litríochta. Tá sé mar dhuine de phríomh-scríbhneoirí na Gaeilge agus tá naoi leabhar déag dá chuid foilsithe, ina measc tá Madraí na nOcht gCos, Is Glas Iad na Cnoic agus A Thig Ná Tit Orm, atá ar shiollabas na Gaeilge do scrúdú na hardteistiméireachta. Dírbheathaisnéis atá sa leabhar A Thig Ná Tit Orm ina insíonn Maidhc scéal a bheatha dúinn - a óige i gCorca Dhuibhne agus an saol a chaith sé i Sasana agus i Chicago, Meiriceá. Tá roinnt leabhar ficsean scrite aige chomh maith agus i 2006 bhain sé amach duais Oireachtais sa rannóg Ficsean Éadrom.
Tá aithne ar Mhaidhc Dainín chomh maith mar cheoltóir sna cúig cúigí agus thar lear. Tá ceol bainte as a bhosca ag aige i dteannta shárcheoltóirí na tíre seo - Joe Cooley agus Joe Burke ina measc - agus is i gcomhluadar na máistrí seo a thug sé a chuid ceoil chun foirfeachta. Ar ndóigh, beidh Maidhc agus a bhosca ceoil le cloisint thart ar thábhairní an Leasa Mhóir le linn na deireadh seachtaine chomh maith!
Maidhc Dainín Ó Sé
Well known Irish language writer and musician Maidhc Dainín Ó Sé will be among the guest speakers visiting Lismore, Co Waterford to take part in this year's Immrama Festival of Travel Writing in June. You can join Maidhc Dainín for a session of 'Caint agus Comhrá' from 11.00a.m. to 2.00p.m. on Saturday, 14 June 2007 - this event is free of charge and all are welcome.
A man of many talents, Maidhc Dainín, as well as being a fine musician and singer, is a well-known author in his native Irish language, with nineteen books published so far, including Madraí na nOcht gCos and Is Glas Iad na Cnoic. His autobiography, A Thig Ná Tit Orm, which tells of his youth in West Kerry and the time he later spent in England and Chicago, USA, is studied by thousands of students each year as it is on the syllabus for the Leaving Certificate. He has also published a number of works of fiction, and in 2006 he won the Oireachtas prize in the Light Fiction category.
Maidhc Dainín Ó Sé is as versatile an artist as you will find. He is well-travelled and has brought his music from Chicago to west-Kerry's Carrachán. He has played with and learned from the cream of Ireland's musicians - including Joe Burke and Joe Cooley. Needless to say, where Maidhc goes, his button accordion goes also, and no doubt his music will be heard around and about Lismore during the weekend!